School: Sailearna (Buachaillí)

Location:
Selerna School, Co. Galway
Teachers:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0456

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0456

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Page 0456
  3. XML “An Buinneán Buí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Dubhairt mé leithi go raibh sí bréagach,
    Is go mb'fhad as mo shaoghal braon de fhagháil.
    An cuimhneach leat féin an buinneán déidheanach
    A chuaidh in éag leis an tart ar ball?
    Ach a chairde Gaedhal ólaidh a bhfuighe sibh
    Deamhan deor a ghlaoidhfeas sibh i ndiaidh bhur mbáis.
    Beidh an lá amáireach mar an Domhnach
    Agus beidh mo phócaí fann go leor;
    Is gurb iad mná an ósta chlaoidh go mór mé
    Agus le méid a d'ól mé liath mo cheann.
    Níl nídh dhá bhreághcha anuas ó'n Árdrí
    A dtiubhrainn air biorán nó go bhfaghainn de braon,
    Ach a Rí na Glóire, nach mór an truagh
    Nach dtug tú fagháil dom air de réir mo mhian.
    Malairte leagan (Coill Ruadh)
    I
    a. mo léan 'do luighe thú
    b. faoi bhun na gcrann.
    II
    d. a d'fhliuchfadh do bhéilín
    III
    ba nó caoire .... ag éagnadh (éagnughadh)
    III
    c. mar bhí mo ghnaoi sa air
    d. ba chosamhail liom féin é a shnuadh 's a dhath
    IV
    b. go mbímse mar sin seal (c) go mbímse mar sin seal
    d. dá bhfaighinnse
    V
    a. 'Sér'd dubht mo stór liom gan bheith ag ól
    b. mar nach ....
    Ceathrú eile ón gCoill Ruaidh:
    Níl saoghal ná sláinte ná díbirt amhgair
    Ag aonfhear go bráth nach mbeidh ag ól na dighe
    Mar is fada na lá ó thug mé grádh dhuit
    Nuair bhí mé mo pháistín ag siubhal a' tighe.
    (ó P. Ó Neachtain, An Choill Ruadh. Tá Padhraig imthighthe ar an [mbuidhinis mó.] R.I.P)
    Nóta imill: Tá leagan de'n amhrán i gcló i g"Ceol na n-Oileán" (An t-Ath. T. Ó Ceallaigh) l. 56.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Mac Donnchadha
    Gender
    Male
    Age
    65
    Address
    An Aird Thoir, Co. Galway