School: An Bán Mór (roll number 9069)
- Location:
- Baunmore, Co. Galway
- Teacher: Liam Ó Mainnín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Bán Mór
- XML Page 023
- XML “Scéal Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Tar éis cúpla lá annsin chuaidh chuir an rí fios ar an sean-fhear. Tháinig an fear agus dúbhairt an rí go gcaithfhadh sé teach bréagh a dhéanamh dó. Dúbhairt an fhear nach raibh sé i ndonn teach a dhéanamh chor ar bith. Níl mé indonn bothán a dhéanamh don muc agus c'én caoi a mbheadh mé indhon teach bréagh a déanamh duitse. Annsin dúbhairt anrtí muna ndéanfaidh tú an teach domsa crochfaidh mé thú. D'fhág sé an cás mar sin agus chuaidh an fear abhaile. Nuair a chuaidh sé isteach an doras an céad focal a lig sé as a bhéal ná "Cá bhfuil mo cháicin cháicin beag. Thug an bhean an caca dhó agus d'imthigh sé leis. Bhí sé ag imteacht go dtáinic sé cuigh an aith i-n a bhfhaca sé an firín beag. Nuair a shroic sé an ait tainich an fírín beag amach agus d'iarr sé ar an bfhear, cé'n aith a raibh sé ag dul agus cén fáth. D'inis an fear dó go raibh sé ag imteacht as an tír ar fad. Dubhairt sé go raibh an rí ag iarraidh ar teach bréagh a dhéanamh dhó. Dub an fear nach raibh sé indhonn rud mar sin a dhéanamh agus muna ndéanfhadh sé an teach don rí go gcrochfhadh an rí é agus go gcaithfhidh sé imteacht as an tir sin ar fad. Á a shean amadán arsa an firín beag "gabh abhaile agus teigh suas ar an simlear go maidin. Nuair a chífidh tú an cead(continues on next page)
- Collector
- Peigh Ní Chrábháin
- Gender
- Female
- Address
- Tomnahulla, Co. Galway