School: An Bán Mór (roll number 9069)

Location:
Baunmore, Co. Galway
Teacher:
Liam Ó Mainnín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0019, Page 024

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0019, Page 024

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Bán Mór
  2. XML Page 024
  3. XML “Scéal Grinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    solas ar maidin imthigh leat go dtí an Rí agus beidh gach rud i gceart acht caithfidh tú gach rud atá mise ag innseacht duit a dhéanamh. Rinne sé gach rud adúbhairt an firín beag agus nuair a táinich sé chuig teach ar an Rí bhí an dorus oscailte agus bhí teach bréag taobh amuigh. Chuaidh an fear isteach cuig an Rí agus dúbhairt sé tá an teach dhéanta duit anois. Thugh an Rí a bhuidheachas dó agus chuaidh sé abhaile. Chonnaich an bhean é ag teacht agus níor mhaith leithe é sin. Annsin chuaidh an bhean chuig an Rí aríst. Bhí an bean ag déanamh gach cleas cun an sean-fhear a mharbhú. Dubhairt sí leis an Rí dá mbeadh umar deas ar bhárr an tíghe agus eisg ann bheadh sé go haluinn. Dúbhairt sí nach raibh duine san domhain indonn rud mar sin a dhéanamh comh maith le seánín. Cuir sé fhios ar an sean-fhear agus dúbhairt an Rí leis, caithfidh tú umar agus éisg a chur ar bhárr an tíghe. Dúbhairt an sean-fhear nach raibh sé indonn a leithead de rud a dhéanamh chor ar bith. Croo Crochfhaidh mé tú muna ndéantha tú é. Ansin chuaigh an fear abhaile, agus fuair sé a cháicín agus d'imthigh sé leis go dtháinich sé cuigh an ait ar bhfaca sé an firín beag. Ansin táinich an firín beag amach agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Folktales index
    AT0571: “All Stick Together”
    Language
    Irish
    Collector
    Peigh Ní Chrábháin
    Gender
    Female
    Address
    Tomnahulla, Co. Galway