School: Driseachán (roll number 16647)
- Location:
- Driseachán, Co. Galway
- Teacher: Nora Ní Mhaolchaoin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Driseachán
- XML Page 404
- XML “Tairngreacht”
- XML “Cnoc an Dúna”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nuair a thiocfas an cogadh creidimh ní féidir leis na Sasanaigh teacht tar an Iomaire Ruadh. Beidh siad ag fághail buaidhe ar na h-Éireannaigh go dtagaidh siad ar pháirc síos ó'n bhFáirche agus go h-Iomaire an Líonáin. Nuair a bheídeas siad annsin béidh na Gaedhil agus ní beidh ortha ach an gaineamh a chaitheadh leis na Sasanaigh agus beidh siad ag tuitim, ach tar éis an chatha ní beídh mórán daoine beó agus béidh lán stoca coirce níos feárr ná lán stoca óir.Liam Ó h-Allmhuraín, Gleanntréig
- Tá cnoc beag deas ar bhruach Loch Coirib tuairim dhá míle ó Chorr na Móna agus tá sé ráidhte ag na sean-daine gur ar bhárr an chnuic sin atá an bhainrioghan Meádhbh curtha, agus go bhfuil bean-sidhe ó 'chuile shruth daoine i n-a comhnaidhe annsin freisin. Nuair a bhíos duine de mhuirghín áirithe ag fághail bháis caithfidh an bean-sidhe a bhaineas leis an muirghín sin dul amach agus an duine sin a chaoineadh.Liam Ó h-Allmhuráin, Gleanntréig
Scéal
“Bhí bean ann fadó agus bhí an-dúil 'san airgead aicí.”
Bhí bean ann fadó agus bhí an-dúil 'san airgead aicí.(continues on next page)- Collector
- Liam Ó hAllmhuráin
- Gender
- Male
- Address
- Gleann Tréig, Co. Galway