School: Driseachán (roll number 16647)
- Location:
- Driseachán, Co. Galway
- Teacher: Nora Ní Mhaolchaoin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Driseachán
- XML Page 440
- XML “Ádh ar an Amadán”
- XML “An tAonach a Bhí san Áit Thíos”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.
- An t-aonach a bhí 'san áit thíos
Bhí fear ann fadó agus ghoid sé bheithidhigh ó thriúr dearbhrathar. Chuireadar isteach i mála é le báthadh Bhí sé ag rinnce thíos sa mála. Tháinig bacach an bealach agus d'iarr air é féin a leigean 'san mála. Bhí beithidhigh goidthe ag an mbacach agus thug an gaduidhe eile leis iad. Casadh an triúr driothár air. "Nár bháthamar thusa? Cá as a dtáinig tú nó cá bhfuair tú na beithidhigh" ar siad-san. "Bháidh sibh mé" ar seisean "agus chuaidh mé go dtí an áit tíos. Thugadar dom na beithidhigh ar son imtheacht uatha. Tá aonach ann, go leor beithidheach agus togha margaidh. Thug sé na beidhidhigh go bruach an locha agus bhí a sgáile le feiceál 'san uisge. "Sin é anois an t-aonach" ar seisean tá sé i n-a sheadh. Deifrighidh síos ná beidh sibh mall." Léim an chéad fhear síos. "Phlup" ars an t-uisge ós a chionn. "Mheas tú céard dubhairt sé"? ars an dara fear. "Dubhairt sé leat deifriughadh. Léim an dara fear síos. Thárla an rud céadhna do'n tríomhadh fear. Bhí an triúr báidhte anois agus agus [!] cuaidh mo dhuine abhaile go sásta.