School: Driseachán (roll number 16647)
- Location:
- Driseachán, Co. Galway
- Teacher: Nora Ní Mhaolchaoin
![The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 441](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0074%2FCBES_0074_441.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 441
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Driseachán
- XML Page 441
- XML “Scéal”
- XML “Aonach Bhaile Lábáin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Bhí bean ann fadó agus ní raibh de stoc aici ach capall agus bhí buachaill ag iarriadh é sin féin a ghoid uaithí.”
Sgéal
Bhí bean ann fadó agus ní raibh de stoc aicí ach capall agus bhí buachaill ag iarraidh é sin féin a ghoid uaithí. Chuir sí cloigíní ar an gcapall. Dá leagadh aoinne a lámh uirthí chraitheadh sí í féin agus bhuaileadh na cloigíní. Nuair a chluineadh an bhean sin bhíodh sí amuigh de sinneán. Uair amháin chuaidh an buachaill ag marcuigheacht ar an gcapall ach fuair an chailleach greim air. "Ní'l fhios agam" ar sise "cé's fearr dhom tú mharbhughadh ná thú bháthadh." "Cuir síos i mála mé" ars an buachaill. "Croch an mála as na frathacha agus bhí dhom bhualadh go mbí mé marbh." Rinne sí amhlaidh. Chuaidh sí amach le maide fhághail. Annsin gheárr an buachaill an sreangán agus chuir an madadh agus an cat agus na soithigh isteach sa mála agus chuaidh i bhfolach ar chúl an dorais. Tháinig an t-sean-bhean agus thosuigh ag lasgadh an mhála. "Bhuf" ars an gadhar. "Tá do glór láidir go maith fós" ar sise. "Meábh" ars an cat. "Tá do ghlór lag go maith anois ar sise. Bhuail sé iarraidh ar na soithigh. Annsin chonnaic sí céard ar thárla. D'eirigh Jimmy ó chúl an dorais agus amach leis.- Transcription guide »You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.
- Collector
- Cáit Nic Allmhúráin
- Gender
- Female
- Age
- 16
- Address
- An Chloch Bhreac Uachtair, Co. Galway