School: Driseachán (roll number 16647)
- Location:
- Driseachán, Co. Galway
- Teacher: Nora Ní Mhaolchaoin
![The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 474](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0074%2FCBES_0074_474.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 474
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Driseachán
- XML Page 474
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“I bParáiste Ruis a bhí Mac na mara i n-a chomhnuidhe.”
(continued from previous page)ceathair-déag de shlataí ó chéile agus thug Mac na Mara agaidh an chapaill ar an sruthán. Chaith an capall léim treas[na] an t-srutáin agus chuir sí lorg an dá chrúdh tosuigh ann. Bhíodar ann nó gur caitheadh as an sgailp tamall geárr ó shoin. Nuair a bhíodar ar an taobh eile chuadar síos le fánaidh agus nuair a bhíodar ar an mbóthar d'ísligh Mac na Mara agus thug sé an bóthar do'n chapall. Chuaidh sé féin i mbád agus sheól sé soir Loch Coirib. Nuair a chuiread seisean fead as ag dul soir an loch chuireadh sise seitreach aistí ag dul soir an bóthar. Nuair a bhí Mac na Mara i Lios Lachair bhí an capall ann freisin. Bhris an léim a croidhe agus thuit sí mín marbh. Cailleadh Mac na Mara le cumha agus briseadh croidhe i n-a diaidh. Bhí sé lá eile ag dul siar go h-iarthar na h-áite agus bhí na saighdiúirí 'ghá fhaire. D'airigh sé ag teacht i n-a dhiaidh iad agus d'ionntuigh sé crúidhte an chapaill siar. Nuair a tháinig na saighdiúirí dubhradar nach raibh aon maith ann mar go raibh sé tagtha ar ais. Tá capall Mhac na Mara churtha i Lios(continues on next page)- Collector
- Áine Nic Allmhúráin
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- An Chloch Bhreac Uachtair, Co. Galway
- Informant
- Maoilsheachlainn Ó hAllmhúráin
- Gender
- Male
- Age
- 62
- Address
- An Chloch Bhreac Uachtair, Co. Galway