Scoil: Ceanntrágha (Ventry)

Suíomh:
Ceann Trá, Co. Kerry
Múinteoir:
Donncha Ó Cúrnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 403

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 403

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceanntrágha (Ventry)
  2. XML Leathanach 403
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Bhí bean ann roinnt bliadhain ó shoin agus bhí sí pósta agus bhí muirear mór aici.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Ní dúbhairt a bean eile aon rud ach imteacht amach, í féin agus an cailín, agus chuadar isteacht i ngort in aice an tíghe. Phriotadar lán aprúin de's na nóiníní móra bána a bhí sa pháirc agus thugadar isteach iad. Chuir sí ar an mbórd iad agus fuair sí plata. Ansan phrioc an bheirt aca an gas agus na duilleóga bána de gach rud buidhe de gach bláth aca. Chuir sí isteach sa phláta iad agus d'iompuig pláta eile anuas ortha. Ansan chuir sí isteach sa chorpadh an pláta agus dúbhairt sí le mnaoi an tíghe gan leigint do éinne feuchaint ortha ná láimhseáil leó go dtiocfad sí fein an t-am ceadna lá 'r na mhaireach agus annsan bhailig sí féin agus an cailín leó.
    Nuair a tháinig an cailín ba shine de'n gclainn isteach, chuaidh sí isteach sa chorpad. Bhí sí ana fhiosrach agus nuair a chonnaic sí an plata d'árduig sí é chun a dh'fhágail amach cad a bhí fé.
    Chonnaic sí na duilleóga bána ag fas ar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Dubháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Baile Beag, Co. Kerry