School: Ceanntrágha (Ventry)

Location:
Ceann Trá, Co. Chiarraí
Teacher:
Donncha Ó Cúrnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0423, Page 404

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0423, Page 404

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceanntrágha (Ventry)
  2. XML Page 404
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Bhí bean ann roinnt bliadhain ó shoin agus bhí sí pósta agus bhí muirear mór aici.

    (continued from previous page)
    na rudaí buidhe fé mar bhíodar amuigh sa pháirc. Shocruigh sí an pláta go deas aniuas ortha ionnas ná beadh fhios ag éinne gur féach sí ortha agus níor innis sí d'éinne é leis.
    Tháinig an seana bhean an t-am céadhna an lá 'na dhiaidh san. D'fhéach sí ar an bpláta agus cómh luath agus a fheach sí ar na nóiníní bhí fhios aici gur fhéach duine éicint ortha. D'iarr sí de'n mhnaoi ar fhéach aoinne ortha ach dúbhairt an bhean nár fhéuch, mar ní raibh fhios aici gur fhéach an inghean ba shine ortha in aonchor.
    Ansan dúbhairt an seana bhean léi gur fhéach ach ná déanfadh sé aon díoghbháil an t-am seo. "Seadh anois," ar sise, "beidh tú ag déanamh ana chuid ime chómh maith agus a bhís riamh 'ón lá so amach," agus do bhí. Dúbhairt sí le bean a' tighe ansan dul amach in éinfeacht léi go mbíonn a cuid bó cruidthe ins an ngort ar an dtaobh eile do'n gcnoc,
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ó Dubháin
    Gender
    Male
    Age
    50
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    An Baile Beag, Co. Chiarraí