Scoil: Ceanntrágha (Ventry)

Suíomh:
Ceann Trá, Co. Kerry
Múinteoir:
Donncha Ó Cúrnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 456

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 456

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceanntrágha (Ventry)
  2. XML Leathanach 456
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Bhí garsún na cómhnuidhe inaonfeacht le na mhuinntir ar an nDroichead Nua fadó.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    garsún abhaile leis an dtobac. Bhí muinntir an tíghe ar a lorg i rith na h-oidhche mar cheapadar gur rud éigint eile dimthigh air. D'fiafruigh a athair air cá raibh sé agus dúbhairt sé go raibh sé inaonfeacht len a driobhtháir in Americha ach ní creideadh é. Cheapadar gurbh amhlaidh a ghoid sé an tobac go dtí gur theasbáin sé an leitir dóibh.
    Bhí an garsún ag tabhairt cómhartha don a mhuinntir ar an mbeirt fhear a bhuail leis agus fuaireadar amach gur beirt driobhthár don garsún iad a cailleadh tamall roimir sin agus gurbh amhlaidh a theastuigh uatha an driobhthár a tabhairt leó mar bhí driobhthár eile leó caillte in Americha agus ba mhaith é thabhairt abhaile chun é chur in aon uaigh amháin leó féin. Ní rabadar ábalta air é sin a dhéanamh gan duine beó a bheith inaonfeacht leó.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Na Buachaillí Scoile