School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí lamhamhain ann fadó agus bhíodar an-bhocht. Bhíodar aosta agus ní rabhadar indon beatha do shaothrú dóbhtha féin. Sé an t-ainm a bhí ortha Pádraigh agus Máire. Bhí teach duine uasail in aice leo agus bhidís ag obair aige faid is a bhiodar indon. Anois, ní rabhadar indon aon obair a dhéanamh agus bhí siad gan nidh.
"Ní'l fhios agam céard a dhéanfaimíd" asra Pádraigh.
"Tá fhios agam-sa " arsa Máire, "céard a dhéanfaimíd. Téir thusa go teach an duine uuasail agus abair leis go bhfuil mise caillte."
D'imthigh Pádraig leis go dtí teach an duine uasail agus é ag gol.
"Céard tá ort , a Phádraig?" arsa'n duine uasal.
"Tá Máire caillte" arsa Pádraig.
"Ní maith liom sin" arsa'n duine uasal.
"Muise ní cás liom-sa a bás" arsa Pádraig, "dá mbeadh oiread agam agus a chuirfeadh í."
"Gheobhaidh tú sin asra'n duine uasal, "cé méid atá uait?"(continues on next page)- Informant
- Páidín Ó Meádhra
- Gender
- Male
- Age
- Over 60
- Occupation
- Oibrí
- Address
- Ros Muc, Co. Galway