School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- XML Page 376
- XML “An Ghlas Ghaibhneach - Malairt Leagan”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- In aice le Cill Mhaoil Ceadair i bParóiste na Cille chidhtí bó in áit áitighthe. Sheasuigheadh sí ann agus thugadh sí bainne do na daoine bochta. Bhí bean ann agus cheap sí sin gur lei féin an bhó agus ní leigfeadh sí do na daoine bochta an bhó do chrúdh a thuille.
Annsan do chuaidh sí féin chun an bhó do chrúdh . Dá mbeadh sí ag gabhail di ó shoin ní bhfaigheadh sí braon bainne uaithe. Thosnuigh sí ag speacaighil agus as go bráth léi thar Árd na Caithne agus ní fheaca aoinne ó shoin í. Tá rian na ngalún crúidhte le feiscint fós ar na clocha i gCill Mhaoil Céadair.Nóta: Pé áit 'na bhfuair Micheál an leagan seo de'n scéal ní chuala riamh ag aoinne eile é. Is iomda duine ag a bhfuil an sean-leagan , nó an gnáth-leagan.- Informant
- Micheál Ó Murchadha
- Gender
- Male
- Age
- 63
- Occupation
- Iascaire
- Address
- Portmagee, Co. Kerry