School: Cuileannach (C.) (roll number 2708)
- Location:
- Cullenagh Upper, Co. Kerry
- Teacher: Bríd, Bean Uí Chochláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá alán liosanna san gceanntar seo. Tá lios i bhfeirm Míchíl Uí Chobhthaigh "Lios a Frigheadh" a tugtar mar ainm ar an lios. Tá ceann eile ar aghaidh an leasa san amhach i bhfeirm Míchíl Uí Dugbhaill i mbaile Fearainn "Ceathrú-na-hAbhann."
Sgéal i dtaobh Leasa:-Bhí lios i bfeirm Sheáin Uí Fáilbhe i Cappaganeen, ach do réabhadh an lios. Do chuaidh daoine isteach ann uair amhain agus bí coinneall acha. Bhí seómhraí bréaghta innte agus bhí siad déanta de clochaibh. Nuair a bhíodar ag dul isteach ins na seómraí do lasadar an coinneall, ach do múchadh é "cómh tapaidh agus do lasadar é." Tháinig eagla ortha agus tángadar amhach, agus deirtear go bfuaireadar bás i gcionn seachtmhaine nó mar sin, le h-eagla.- Collector
- Síle Ní Chonchubhair
- Gender
- Female
- Informant
- Séamus Ó Conchubhair
- Gender
- Male
- Address
- Carhoonahone, Co. Kerry
- An lios atá i bhfeirm Mhíchíl Uí Dughbhaill, tá sé suidte i bpáirc mhóir agus tugtar "Páirc na Leasa" mar ainm ar an bpáirc, agus tá poll mór in-a-lár. Deirtear go bfuil cloch mór mar doras ar "Lios a Frigheadh." Tá casán ag dul ón lios san go páirc i bhfeirm Thomháis Uí Chonchubhair i "gCeathrú-na-hAbhann," deirtear go bhfuil óin(continues on next page)