School: Gleann na gCoileach (roll number 1583)
- Location:
- Glannagilliagh, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Ríoghbhardáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann na gCoileach
- XML Page 036
- XML “Seanchreidiúint ag na Seandaoine timcheall na hÁite Seo”
- XML “Eoghan Rua Ó Súilleabháin agus an Bheirt Bhan”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Deirtear
Nách bhfuil Dia chómh dian agus tábachtach
Ná'r dhaor sé coidhche duine macánta - Do bhí Eoghan Ruadh Ó Súílleabháin, an file ag gabháil an bóthar (?) lá, agus do chonnaich sé beirt bhan, agus gach duine ag crudh bó ar thaoibh an bhóthair. Lá an-bhrothallach ab'eadh é agus bhí an-thart ar Eoghan. Do theastuigh deoch go ghéar uaidh, agus dúbhairt sé leis féin go bfhaghaidh sé deoch leamhnachta ó's na mnáibh. Do dhei sé fé na ndeara (?) agus do bheannuig sé dóibh. "Bail ó Dhia ar an obair" ar seisean. "An bhail céadhna ort-sa" ars na mná. Nách breágh brothallach an lá é ar siad, "Tá sé an-brothallach" arsa Eoghan agus tá tart an-domhain orm-sa. Ba mhaith liom deoch d'fhaghail. Do bhí a fhios acu cé bhí ann agus dubradar leis go dtabharfhaidís deoch dá ndeineadh sé rann dóibh. Deanfhad agus fáílte," arsa Eoghan agus do cheap sé an rann so láithreach dóibh.
Chím dhá chruach dhúbha ar an móin,
Dhá chapall chómhra dhá choin
Dhá mhuich dhá caora, dhá uan,
Dhá mhnaoi, dhá buaraig dhá bhain(continues on next page)- Collector
- S. Ó Riordan
- Gender
- Male
- Informant
- W. Foley
- Age
- 78
- Address
- Lough Caragh, Co. Kerry