School: Gleann na gCoileach (roll number 1583)

Location:
Glannagilliagh, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Ríoghbhardáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0472, Page 073

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0472, Page 073

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gleann na gCoileach
  2. XML Page 073
  3. XML “An Réal agus na Raeil agus an tAthair Seoirse Ó Súilleabháin”
  4. XML “Seanráite”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Nuair do bhíodh an t-Athair Seóirse ag dul tríd a pharóista dos na "stáid" nó Stations do thárla gur tháinig sé go dthí tig áirighthe i bFearthann Tóinín Nuair do bhí an t-aifreann doimhin léighte aige agus a bhreicfast ithe aige, do thosnuig sé bailiughadh a choda - sé sin sintúis airgid atá fiachaibh ar gach aoinne dhá uair sa bhlian, do thabhairt don Sagart pharóiste Thosnuig an chléireach pharóiste Paddy Rael ag léigheamh amach ainimneacha na ndaoine sa bhaile cheanntair Thosnuig sé mar seo
    Pádruig Ó Ráeil - Ní bfuair sé aon fhreagra
    Stiophán Ó Ráeil - Ní bfuair sé aon fhreagra
    Mícheál Ó Ráeil - Ní bfuair sé aon fhreagra
    Gearóid Ó Ráeil - Ní bfuair sé aon fhreagra
    Muiris Ó Ráeil - Ní bfuair sé aon fhreagra
    ach mar sin féin ní bfuair an Sagart faic agus bhí sé ag féachaint ortha go feargach. Fé dheire dúbhairt sé leis an gcléireach "Stad in ainim dé ar seisean ní fuaireas raol, ná scilling riamh uatha
    x Tá an fuaim cheadna sa ceanntar seo Rael, Eaeil
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.