School: Gleann na gCoileach (roll number 1583)

Location:
Glannagilliagh, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Ríoghbhardáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0472, Page 057

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0472, Page 057

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gleann na gCoileach
  2. XML Page 057
  3. XML “Na Tiarnaí Talún”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Siad na Tíghearna talmhan sa cheanntar seo ná BlennerHassett, an Tighearna Bhentrí, Liam Ó Rae, Mac an Cinnéide agus dé Molíns. Ní fios cathain a thángadar annso. Bí middle men, rent warners go fluirseach acu Lendon a bhí mar middle man ag Blenner Hassett, Seán Turner Huggard ag Liam Ó Rae, Mac Stiophán ag dé Molíns agus Sam Hussey agus a athair ag Lord Bhéntrí. Bhíodar an-chruaidh ar na daoine bochta. Chuireadh a lán daoine as seilbh mar níor féidir leó a chíos do dhíól. Do bhí clampar agus acrann eadartha. Bhí Pádruig Ó Spiollaín as seilbh i Muing-a-Phúcha, Diarmuid Costealabha agus a lán eile, Chuireadh emergency men í seilbh agus do bhíódh na Poílíní dá chosaint. Bhí emergency men, Bheistín, Bailí, de Faoithe, i seilbh tímcheall na h-áite seo. Tagadh na bailí go minich ag lorg chíosa agu costasaí agus do bhíodh seana chleas ag na daoine nuair a thagadh na bailí shéideadís adharc, nó bhuidéal i dtreó go mbeadh fhios ag na daoinne go raibh na bailí ag teacht, in aice na h-áite seo. D'imthig na daoine ar a dtóír ag teastaargna (?) mbeithidheach, do thárla gur tháinig na daoine suas leó agus thosnuigeadar ag troid leis na bailí agus na póílíní agus tá an handcuffs le feicsint fós ag Mac Uí Dúnagaid ag Coor-na-Meine, uair eile
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. land management (~4,110)
    Languages
    Irish
    English