School: An Clochar, Cathair Saidhbhín (roll number 13542)
- Location:
- Cahersiveen, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. M. de Lourdes Stac
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Clochar, Cathair Saidhbhín
- XML Page 180
- XML “An tAmadán Cliste”
- XML “Eoghan Rua agus an Sagart”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sagart nuair a chuala sé an scéal tríd síos, agus dúbhairt dá mb'ó féin a bheadh ann ná féadfadh sé an bheart a dhéanamh leath chomh maith.
- Teastalaidhe do b’eadh Eoghan Ruadh. Sórt file do b’eadh leis é. Bhí sé ag cur an bóthar de uair. Bhuail sagart leis. Chromadar ag comhrá le chéile. Níor b’fhada gur shroiseadar abha amhór. Ní fheudfadh an sagart an abha a cur de, ach bhí Eoghan cosnochtaighthe, agus chuir sé an sagart ar a dhrom agus ghluais air.I lár na h-abhainn dúbhairt Eoghan leis an sagart go ndéanfadh sé a fhaoistin leis. “Ná bac léi anois go mbeidhmíd trasna na h-abhainn” ars’ an sagart. “Ó ní dhéineann mar a bhfuilimíd aon deifrigheacht a athair, nach orm féin a bheidh an duadh, arsa Eoghan.Thosnuigh sé le na- a fhaoistin - peacaí móra d’á raideadh amach aige chomh tuigh le raithnigh. “Ó, tá an diabhal thiar ort,” ars’ an sagart tar éis gníomhartha Eoghain a clos. “Má tá mhaise” arsa Eoghan “ní fada a bheidh”, a’ caitheamh an tsagairt isteach san uisge.
- Informant
- Micheál Stac
- Gender
- Male
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry