School: An Clochar, Cathair Saidhbhín (roll number 13542)
- Location:
- Cahersiveen, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. M. de Lourdes Stac
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 'Sí Cathair Saidhbhín "Bannrioghan Uibh Ráthaigh". Ba shuarach an chathair í trí fichid bhliadhan ó shoin, acht tá sí ina chathair bhreagh anois. Freastalann an Nádúr ar gach slighe - a leabaidh ar leacain bhinn a' tighe agus ar bhéal an Fherta. Thuas i mbárr na cathrach a bhí an sráid agus tighthe beaga ísle cinn tuighe agus cúpla tighthe beaga cinn slinne ar gach taobh de. Bhíodh coinnle, snáth, agus gráinne mine ar fó-chupán, agus rudaí beaga de'n tsórd ar na fuinneógaibh 'á theasbaint go rabhadar 'á ndíol aca. Maidir leis an min, thagadh sí ó Thráighlí, acht is ró suarach an méid di a thugadh na daoine leó i-n aon chor, mar bhí a fiacha ró árd dá bpócaibh. Gheibheadh furmhór na ndaoine a gcuid mine i gCarthan, acht bhíodh ortha ticéad d'fhághailt ó Seán Ó'Dianach, Cathair Saidhbhín. Annsan bheiridís an ticéad leó soir go dtí an muillean agus gheibhidís a gcuid mine annsúd. B'é fiacha mála mine an uair úd ná trí púint.Maidir leis an Muilleann so, b'amhlaidh a bhí abha Chárthan tarraingthe soir i dtreó an mhuilinn agus chloisfeá glór rothaí an muilinn theas i bparóiste na Dromaide. Bhíodh mórán fear ag obair san mhuileann, cuid aca ag taosgadh na mine isteach i málaibh tar-éis a meilte, agus an chuid eile ag fuaghadh na málaí is'á gcaitheamh anaírde ar an lochta. Tá cúig fichead bliadhan ó(continues on next page)