School: An Clochar, Cathair Saidhbhín (roll number 13542)

Location:
Cahersiveen, Co. Kerry
Teacher:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 217

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 217

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Page 217
  3. XML “Luibheanna agus Leigheasanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ní raibh go h-olc, agus díreach agus é ag ullamhú' ar cheann an bhúird cad do buailfí ar an mbórd ar a aghaidh amach chuige ná an leath-pingin céadna a chuir sé in inead an luibh a theasbáint do ná raibh leigheas a trioblóide le fághailt.
    Ar na bántaibh atá leabaidh an leóích-bhuidhe. Is amhlaidh a deintear seo do bhriseadh agus do bhrúghadh is cuirtear é ag beirbhiú. Annsan nuair bhíonn sé ullamh curtar leis an mball tinn athuighthe é. Do chnáthanna achtuighthe atá sé ceapaighthe agus sé an maitheas atá ann ná go ndeineann sé an t-at do thrághadh. Fásann an crotal, an camán mall, an amarlach brollach agus an slámus ar an mbán. Deintear síoróíp díobh seo, sé sin saghas díghe ar nós caraigín. Ólann daoine breóite an síoróip seo. Maidir leis an caisreabán caol-dearg, sa coinnleach, sé sin talamh ina bhfásann coirce nó aon saghas arbhair eile, tar-éis an choirce a bhaint de, ata a cliabhán. Do gearradh atá sé ceapaighthe. Deintear é a mheilt agus a bheirbhiú agus é chur leis an mball a gearradh. Fásann luibh an teampaill istig i roilig; anáirde ar thúmbaí is mó a bhíonn sé. Baintear usáid as chun créachtanna an-thinn ar fad do leigheasú. Chuaidh bean a bhí in a cómhnaidhe i bparóísde an Dromaid fé dhéin teampaill an Dromoid chun iad seo mar luibheanna d'fághailt uair éigin. Ní raibh aon aithne ar na luibheanna aici agus do stiúirígheadh chúcha í agus d'innseadh di connus mar ba cheart iad do bhaint. Bhí uirthi iad do bhaint gach lá de thrí lá sa t-seachtmhain, De Luain, Dé Deardaoin, agus Dé Sathairn. Seo fé dhéin na luibheanna í tímcheall an dá uair déág de Luain. Dhein si mar adúbhradh léí. Bhain sí naoi mbeairtín agus bhí naoi gcinn de luibheanna in gach beart díobh. Bhain sí deich gcínn i gcóír gach bheart ach bhí
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    Language
    Irish