School: An Clochar, Cathair Saidhbhín (roll number 13542)
- Location:
- Cahersiveen, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. M. de Lourdes Stac
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)chuid éadaigh de'n leinbh. Do cuireadh leanbh anuas ar inneóin agus do thóg fear órd mór in a lámh dheas, agus bhí sé chun an leanbh do bhualadh, nuair do sgread an máthair "Ar son Dé ná marbh ar fad é." Do chuir sí isteach ar fhear an leighis agus d'fhág san an leanbh mar do bhí sé. Aon bhean a bheirfeadh ar shnáthaid nó ar iarainn chun éadaighe d'fhuaghail nó d'iarnáil, bhí leigheas aice sin d'ainmhidhthe breóidhte. Bhí leigheas ag daoine fuadaighthe leis - b'iad san daoine a bhíodh in aoinfheacht leis na bpúcaí. Bhí duine da leithéid sin i bparóiste na Dromaide ar a dtugadh "Seán na bPúcaí." Bhí leigheas aige sin d'ainmhnidhthe agus do dhaoine. Chuireadh iarraidh air uair amháin chun bó breóidhte do leigheasú. Chuir sé saghas glasra éigin isteach i mbéal na bó, annsan bhuail sé an bhó agus amach an doras léi go h-aerach. Bhain se naoi scillinge amach as a chuid oibre. Nuair bhí sé imighthe tháínig dólás agus caitheamh aigne ar fear na bó toisg an méid airgid a thug sé do Shéan na bPúcaí. D'imthigh sé in a dhiaidh agus bhain sé dhe an t-airgead. Bhuail an bhó bréóidhte airís agus ní raibh a leigheas le fáhail ach déanamh léi mar a deineadh cheana. Deineadh an rud céadna léi airís, ach má deineadh ní in aisgidh é mar do chaith sé a chuid airgid do thabhairt dho Sheán na bPúcaí. Do dhein Seán na bPúcaí leigheas do mhnaoi go(continues on next page)