School: An Clochar, Cathair Saidhbhín (roll number 13542)
- Location:
- Cahersiveen, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. M. de Lourdes Stac
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)cosaibh an chuirp. De réir na sean daoine is ceart coinneal sa bhreis ar an uimhir cothram do lasadh. Ní ceart ceithre coinnle ná sé coinnle do lasadh, acht cúig nó seacht gcoinnle nó aon uimhir eile ná bheadh ionroinnte ag dó gan fuighleach d'fhágaint. Nuair a cuirtí an corp san gcomharainn tógtar amach é agus cuirtí ar dhá chathaoireacha í, agus ghoileadh gaolta an chuirp agus na mná caointe air. Annsan thagadh ceathrar fear de'n shloinne céadna an duine mhairbh agus d'iomparuighidís leó an cómhra ar feadh breis is leath mhíle ó'n dtigh. Bhíodh na mná caointe in a ndiaidh ag gol go dólásach, mar dheadh. Nuair a cuirtí an chómhra sa trucaill, suidheadh beirt bhan caointe anáirde agus bhídís ag gol ós árd ar feadh na slighe. Nuair a bhídís sin cortha, thagadh beirt eile in-a n-ionad agus an phost céadna aca. Nuair a sroistí an teampall thógadh na fir ceádna an cómhra ar a nguailnibh agus thugaidís turas an teampaill isteach. Annsan cuirtí an comhra isteach in uaigh a mhuinntire, agus dá mbeadh comhra eile istigh roimis, tógtaí ináirde é sin agus cuirtí an cómhra nua thíos fé. Dúntaí suas an uaigh annsan agus siúd fé lán tseól na mná caointe le linn san do dhéanamh. In uaigh a mhuinntire feín a cuirtí gach duine, fé mar deirtear "athrú teampuill, athrú cine." Ní ceart an doras do dhúnadh tar-éis do chorp gabhail amach. Deirtear go mbíonn "aodhaireacht an teampaill" ar an duine is(continues on next page)