Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 13542)
- Suíomh:
- Cahersiveen, Co. Kerry
- Múinteoir: An tSr. M. de Lourdes Stac
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)déanamh dromuilleóighe air iseadh an trach. Bhíodh múnla stáín i bhfumhór na dtighthe chun na gcoinneal do dhéanamh. Ní raibh tigh le fághail ná raibh an coinnleoir iarainn ann ar crochadh leis an bhfalla. Cuirtí na sguilb anáírde ar na h-úirlisí seo chun solas a thabhairt don tigh, mar ní raibh aon bhraon íle aca nó aon trácht thairis. Ní raibh aon sguab aca leis ach sguab an chnuic. Gheóbhfá an cruachán, úirlis chun fionán do chasadh i gcóir na dtéad do dhéanamh. Ní cheannuigheadh na daoine aon chnáib fadó, acht is amhlaidh a dheinidís féín é leis an gcruacán. Is mó duine ná fuil a thuairisg le fághail i leabhra ná i bpáípeár, do sheas i gCros an Éisg i gCathair Saidhbhín ag díol cnáíbe seo an teinteáín. Do dhíoltaí é de réir an mheadhchaint. Mugaí adhmaid a bhíodh ann, agus bfhéidir sgeanna iarainn, a dheineadh an gabha i gcuid ba mhó des na tighthe.