School: An Clochar, Cathair Saidhbhín (roll number 13542)
- Location:
- Cahersiveen, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. M. de Lourdes Stac
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Clochar, Cathair Saidhbhín
- XML Page 247
- XML “Scéal”
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ní ceart do dhuine a thaidhreamh na h-oidhche d'innsint agus é ar cheallacthan. Deirtear nách maith é taidhreamh mar gheall ar fheóíl, uibhe, iasg ná bainne. Comhartha sochraide iseadh taidhreamh mar gheall ar phósadh.
* * * * *
Má bhíonn taidhreamh ag duine mar gheall ar dhuine mharbh go minic, deirtear gur rud éigin a bhíonn sa treis ar an nduine marbh san. (no title)
“Deireann na sean daoine go ndeintear fíon de'n uisge ar an dá uair déag Oidhche Nodlag.”
Deireann na seandaoine go ndeintear fíon de’n uisge ar a dá uair déag Oidhche Nodlag. Ta sgéal ann gur chuaidh buachaill beag agus beirt chailíní bheaga amach Oidhche Nodlag go dtí an tobar féachaint an iompóchadh an t-uisge in a fíon. Leanbhaí ó Chárthain le h-ais Chathair Saidhbhín ab eadh iad agus do sgiobadh ón tobar agus ní fheaca ó shoin iad. Annsan chloiseadh na daoine timcheall na h-áite an beirt driféar ag glaodhach ar an ndriotháir tar éis na gréine dul síos agus ní fheicidís in aon chor iad. Diarmuid ab ainm don driotháir agus seo é an chainnt a bhíodh ar siubhal aca. “A thúirín na Binne an bhfeicfeá Diarmuid”, “a thobair na bhfraochán an bhfeicfeá Diarmuid”, “a fharraige na feirge an bhfeicfeá Diarmuid” agus mórán mór dá leithéid sin cainnte.(continues on next page)