School: An Clochar, Cathair Saidhbhín (roll number 13542)

Location:
Cahersiveen, Co. Kerry
Teacher:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 252

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 252

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Page 252
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Bhí cailín ann uair, agus nuair a rugadh í dubhairt scoláire bocht rud éigin nár thaitin le muintir an tighe mar gheall ar an leanbh.

    (continued from previous page)
    chuimhnigh sí ar an chainnt a dubhairt an sgolaire nuair a bhí sí ina leanbh. Do chuir sí éadach bán fe'n Dardaol ar an úrlár agus do shnámh sé sé air, agus suas ar chathaoir leis. Do bhí se ina fhear ar an gcathaoir agus do thug an cailín gach feisteas do. I gcionn tamaill dubhairt se léi, éirighe amach féachaint an bfheicfeadh sí aoinne ag teacht ó'n Aifreann. Dubhairt sí tar-éis teacht isteach di go raibh bean ag teacht. "Éirigh amach in a coinnibh" ar seisean, agus fiafruigh de "cionnus mar a bhuadhann an t-aireachas ar an gcinneamhaint" D'éirigh sé amach agus d'fiafhruigh sé de'n mbaoi "cionnud mar a bhuadhann an t-aireachas ar an gcinneamhaint". Dubairt an bean ná feadar sé sin. Tháinig sé isteach, agus d'innis sé do'n fhear ná raibh aon tuairisg ag an mnaoi san air. I gcionn tamaillín eile, dubhairt sé léi eirighe amach féachaint an bfheicfadh sí aoinne ag teacht. Dubhairt sí go raibh fear agus capall callaite fé ag teacht. "Eirigh amach ar seisean agus fiafruigh de "cionnus mar a bhuadhann an t-aireachas ar an gcinneamhaint". D'éirigh sé amach agus do chuir sí an cheist sin ar an bfhear. Dubhairt an fhear leí go mbuadhann an t-aireachas ar an gcineamhaint tré oileamhaint, beásta agus glanachar. 'Seadh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish