School: An Clochar, Cathair Saidhbhín (roll number 13542)

Location:
Cahersiveen, Co. Kerry
Teacher:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 265

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 265

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Page 265
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Ag gábhailt tré Baile Atha dhom go dian moc ar maidin…..

    (continued from previous page)
    Ó d'fhágais id' dhiaidh tinn deacarnach sa leabaibh
    Is dochtúir ní faghann tú do leigheasfadh a galar
    Eist, Eist, a óigfhir cá bhfios duit ná fuil marbh
    Gabhaimís le n-a chéile go deó deó faid a mhairfeam
    Tá airgead, agus ór agam agus mór-stoc ar talamh
    Cuirfead stocaí, agus brógaí ort, culaith nuadh ort go talamh
    Cnaipí airgid ar do léine, ná beidh ar aon fhear 'n-a bheathaidh
    Agus bead-sa agat mar chéile go deó, deó faid a mhairfeam
    Ó sgaoil liom-sa, a áigbhean ná bí i d'iarraidh mé a mhealladh,
    Mar tá muirgheall beag, óg, agus ní cóir iad i sgaipeadh.
    airgead agus ór agat, agus mór-stoc ar thalamh.
    Gheóbhair-se féin céile eigin a gheóbhaid leat faid nhairfear.
    Ó tá mó leanbhaí-se gan cíoradh, gan nighe, gan glanadh
    Gan suim a chur n-a mbéile ó fhágas an baile
    Taid siad ag rinnce le brainnse díthchéille
    Agus mise ar fuaidh n a coillte is ná faghai dubn 'n-a n-éileamh
    Amhrán iseadh é seo a deineadh mar gheall ar fear a chuaidh go BaileÁtha Cliath ag lorg dochtúra chun galair a mhná do leigheas. Bhuail an t-óuigbhean leis ar an sráid, agus insan cainnt a thárla eatortha fuair sé amach gurb í a bhean féin í. Deallruigheann an sgéal go raibh sí tar-éis bháis an uair seo.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish