School: An Clochar, Cathair Saidhbhín (roll number 13542)

Location:
Cahersiveen, Co. Kerry
Teacher:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 272

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 272

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Page 272
  3. XML (no title)
  4. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Bhí fear ann uair agus chuaidh sé féin agus a dhriotháir ag lorg an chapaill.

    (continued from previous page)
    B'é an múcadh an namhad ba mhó a bhí aige. Bhí an múcadh cómh dian san air nár fhéad sé fanamhaint sa leabaidh ist oidhche leis. Oidhche áirighthe bhí sé 'na luighe cois na teine agus cuala an gol lasmuigh. Bhuail sé amach agus bhí sé ag eisteacht leis an ngol. Ag teacht in ghiorracht dhó i gcómhnaidhe a bhí sé, agus cuaidh sé isteach. Ní tuisge istigh é ná súid isteach an bhean in a dhiaidh. "Réidhtig mo cheist", agus gan í ag cur aon cheist air. "Déanfadh má fhéadfad" ar seisean. "Réidtigh mo ceist" ar sise airís agus ní raibh acht an focal as a béal, ná seo isteach fear do cuireadh indé roimhe sin "Réidhtéocadh -sa do ceist" ar seisean á caitheamh an doras amach.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. (no title)

    Chuir fear ón nGleann Beithe a mhac go dtí an siopa ag iarraidh tobac.

    Chuir fear ó'n nGleann Beithe a mhac go dtí an siopa ag iarraidh tobac. Ar a slíghe dó go dtí an siopa, do thógadh é agus do cuireadh isteach i luing é agus do cuireadh isteach go tig a driotháir thall i Nua Labrach é. D'fiadruigh an driothár de cad a thug é agus dúbhairt sé gur ag iarraidh tobach a tháinig sé. Thug an driotháir an tobac dó agus tháinig sé go tig a athar ins an slíghe a d'imthig sé. Nuair a tháinig sé dúbhairt sé go raibh sé i dthig a driotháir in Aimericia. Bhí iongnad ortha dar ndóigh mar a n'fhéadfadh sé beith ann ina giorracht sin d'ama. Ansan d'innis sé dóibh mar gheall ar gach nídh a thárladh dhó. Ar maidin nuair d'eirigh sé bhí a aghaidh iompuigthe siar cun a cluaise.
    Deirtear gur mar gheall ar é bheith cómh Béalsgaoileadh a mhacalluighood é. Bhí sé i dtig na mboct i nCaghaga ar feadh abhfad.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish