School: An Clochar, Cathair Saidhbhín (roll number 13542)
- Location:
- Cahersiveen, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. M. de Lourdes Stac
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Clochar, Cathair Saidhbhín
- XML Page 274
- XML (no title)
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí bean in aice an Chorráin fadó agus do fuadaigheadh í.”
(continued from previous page)seacht mbliadhna. Chuaidh a h-athair a bhí marbh fé'n a déin agus dubhairt se léi beith ullamh an lidhche seo áirighthe, agus go mbéarfadh sé féin abhaile í. Dubhairt sé léi leis, gan aon phingin tuarastail do thógaint, ach nách mór di balcais eadaigh do thógaint. D'innis sí dá máighistir go mbeadh sí ag dul abhaile ist oidhche amáirigh. "Má tair" arsa seisean "tabharfadsa do tuarastal duit". Ní "thóghfad aon tuarastal uait acht ní mór dom clúdach na gcnamh d'fhághail' arsa sise. Chuaid sé go dtí an siopa agus do cheannuigh sé culaith éadaigh di. Tháinig an t athair san am go ndúbhairt sé, agus do rug sé leis í. Nuair a thanadar go Cathair Saidhbín, d'fhiafruigh sé dhí an raibh fhios aici cá raibh sí agus dúbhairt sí ná raibh. Nuair a thanadar go Cill Comáin, ansan do cuimhnigh sí ar a baile. Nuair a thainig sí isteach ní raibh aon aithne ag a fear uirthi ach mar sin féin do thug sé lóistín na h-oidhche dhi. Ar maidin amáireach bhí plainnín 'á fearradh ag an mhnaoi, do caitheadh in a h-ionad. D'iarr sí guna de'n phlainn=ín ortha, agus ba gearr gur eirigh sí níos danaighe ar gnóthaí an tíghe. B'é deire an sgeil gur cuir sí fan is rith is ithe na bprátaí cur ar an mhnaoi eile.(no title)
“Tá áit in aice leis an gCorráin ar a dtugtar Comán.”
You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.