School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (roll number 10819)
- Location:
- Ballyhearny West, Co. Kerry
- Teacher: Partolan Ó Gríbhthín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay)
- XML Page 082
- XML “Ciste Óir i bhFolach”
- XML “Solas ag Cosaint Óir i bhFolach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)dúbhairt sé leis dul go dtí an lios agus an páipéar do chur ós a chóir amach agus féachaint tríd. Do dhein sé é sin agus chonnaic sé cráin agus banbhaí agus iad ag ithe a chéile.D’innis sé an scéal go dtí an sagart agus chuaidh seisean go dtí an áit agus dúbhairt sé gur ‘b diabhala a bhí ann agus gur baoghlach an rud bheith ghár dóibh.
- Toisc ná raibh aon bannc ag na daoine fadó is fíor go gcuirtí an t-ór, agus an saidhbhireas go léir a bhíodh acu fé thalamh chun é choimeád, agus is minic a chloisimíd scéalta mar gheall ar ainmhidhthe nó soillsí a bhíonn ag cosaint áite ‘na bhíonn sé i bhfolach i dtreo ná feudfadh aoinne é thógaint suas.Deireann na sean daoine gur chuaidh fear ó Baile na Mánach siar go dtí Currach Beag ag baint clocha. Bhí sé ag obair ar feadh tamaill, agus annsan tháinig sé go dtí leac mór(continues on next page)