Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (uimhir rolla 10819)
- Suíomh:
- Baile Uí Thiarnaigh Thiar, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Partolan Ó Gríbhthín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay)
- XML Leathanach 082
- XML “Ciste Óir i bhFolach”
- XML “Solas ag Cosaint Óir i bhFolach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dúbhairt sé leis dul go dtí an lios agus an páipéar do chur ós a chóir amach agus féachaint tríd. Do dhein sé é sin agus chonnaic sé cráin agus banbhaí agus iad ag ithe a chéile.D’innis sé an scéal go dtí an sagart agus chuaidh seisean go dtí an áit agus dúbhairt sé gur ‘b diabhala a bhí ann agus gur baoghlach an rud bheith ghár dóibh.
- Toisc ná raibh aon bannc ag na daoine fadó is fíor go gcuirtí an t-ór, agus an saidhbhireas go léir a bhíodh acu fé thalamh chun é choimeád, agus is minic a chloisimíd scéalta mar gheall ar ainmhidhthe nó soillsí a bhíonn ag cosaint áite ‘na bhíonn sé i bhfolach i dtreo ná feudfadh aoinne é thógaint suas.Deireann na sean daoine gur chuaidh fear ó Baile na Mánach siar go dtí Currach Beag ag baint clocha. Bhí sé ag obair ar feadh tamaill, agus annsan tháinig sé go dtí leac mór(leanann ar an chéad leathanach eile)