School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (roll number 10819)
- Location:
- Ballyhearny West, Co. Kerry
- Teacher: Partolan Ó Gríbhthín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Maidin lae an phátrúin thánadar isteach ag Baile na Mánach, na Maitheamhnaig go léir ar bádaibh agus do tharraingeadar isteach go dtí bharra taoide. Do chuadar suas go dtí an Patrúin ar thaobh an cnuic do bhíodh sé. Nuair a chonnaic na daoine go léir na Maitheamhnaig ag teacht bhí fhios aca go mbeadh lá mór bruighin aca.Do bhain ceannaire na Maitheamhnach a chóta dhé agus do tharraing sé ina dhiaidh é chun féachaint cé sáthaileochadh air mar bé sin an slighe tosnaithe cómhraic a bhí aca an uair úd. Do sáthail ceannaire Néill agus do thosnuig an cath annsan. Ceann aca chun buáilte agus an cheann eile chun cosaint.Ní rabhadar i bhfad ag troid nuair a bhí cuid aca sínnte fuilteach. Do leanadar ag troid agus sa deire ní raibh fear na bean na raibh sa bhruidin, mar ní raibh aoinne ann ná raibh ghaol na cleamhnas aige le treibh eigin aca. Sa deire do bhríseadh ar na Maitheamhnaig agus do ritheadar síos go dtí an tráigh go dtí na bádaibh acht do lean muinntir Néill iad.Bhí deireadh le troid na Maitheamhnaig an lá san agus ó thoin i leith, mar bhíodar go léir briste suas agus i dteannta san ní raibh aon pathrúin riamh ó thoin in Oileán Dairbhre mar do chuireadh aonach i gCathair Saidhbhín ar an dtarna lá fícheadh de Márta agus tá sé ann gach blian ó thoin. Do glaodhadh na sean(continues on next page)
- Collector
- Cáit Ní Mhurchadha
- Gender
- Female
- Address
- Chapeltown, Co. Kerry
- Informant
- Pádraig Ó Loingsigh
- Gender
- Male
- Age
- 64
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Tinnies Lower East, Co. Kerry