Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (uimhir rolla 10819)

Suíomh:
Baile Uí Thiarnaigh Thiar, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Partolan Ó Gríbhthín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0479, Leathanach 104

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0479, Leathanach 104

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay)
  2. XML Leathanach 104
  3. XML “Bruíon”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Maidin lae an phátrúin thánadar isteach ag Baile na Mánach, na Maitheamhnaig go léir ar bádaibh agus do tharraingeadar isteach go dtí bharra taoide. Do chuadar suas go dtí an Patrúin ar thaobh an cnuic do bhíodh sé. Nuair a chonnaic na daoine go léir na Maitheamhnaig ag teacht bhí fhios aca go mbeadh lá mór bruighin aca.
    Do bhain ceannaire na Maitheamhnach a chóta dhé agus do tharraing sé ina dhiaidh é chun féachaint cé sáthaileochadh air mar bé sin an slighe tosnaithe cómhraic a bhí aca an uair úd. Do sáthail ceannaire Néill agus do thosnuig an cath annsan. Ceann aca chun buáilte agus an cheann eile chun cosaint.
    Ní rabhadar i bhfad ag troid nuair a bhí cuid aca sínnte fuilteach. Do leanadar ag troid agus sa deire ní raibh fear na bean na raibh sa bhruidin, mar ní raibh aoinne ann ná raibh ghaol na cleamhnas aige le treibh eigin aca. Sa deire do bhríseadh ar na Maitheamhnaig agus do ritheadar síos go dtí an tráigh go dtí na bádaibh acht do lean muinntir Néill iad.
    Bhí deireadh le troid na Maitheamhnaig an lá san agus ó thoin i leith, mar bhíodar go léir briste suas agus i dteannta san ní raibh aon pathrúin riamh ó thoin in Oileán Dairbhre mar do chuireadh aonach i gCathair Saidhbhín ar an dtarna lá fícheadh de Márta agus tá sé ann gach blian ó thoin. Do glaodhadh na sean
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. an gorta mór (~4,013)
    2. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ní Mhurchadha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Caol, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Loingsigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    64
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Na Tinní Íochtaracha Thoir, Co. Chiarraí