School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (roll number 10819)
- Location:
- Ballyhearny West, Co. Kerry
- Teacher: Partolan Ó Gríbhthín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tímpeall deich is dathadh blian ó shoin bhí sé ag cur fearthainne gach aon lá ar feadh cúpla seachtmhaine agus i ndeire na dála do thosnuigh teinntreach agus tóirneach.Bhí na tighthe cinn tuighe báidhte agus bhí na h-ainmhidhthe isthig agus ní raibh na daoine ábalta ar aon biadh do thabhairt dóibh, ná aon rud a bí amuigh do tharrac isteach.Bhí feirmeóir mór na chómhnaidhe i gCill Beag dar’b ainm, Doctúir De Bremnéir. Bhí cúpla seirbhíseach aige ag glanadh turnapaí ar ocht bpinginne sa ló i mí Lughnasa sa bhlian ocht gceud deug agus a ocht is ochtmhó.Lá amháín do cuaidh na seirbhísigh amach agus ní rabhadar abhfad amuigh nuair a thosnuigh cioth báistighe. Do chuadar i bfothainn fé tor aitinn glas agus annsan do thosnuig an teinntreach agus an tóirneach agus do lasadh cóta ar ceann díobh.Chuadar abhaile agus bhí sé dóighthe agus do chuaidh sé annsan go dtí an óspuidéal. Tar éis tamaill do chaitheamh ann tháinigh sé ar fóghnamh acht bhí sé go lag agus níor chuaidh sé ag obair a thuille. Fuair sé bás i ndeire na bliana.
- Collector
- Cáit Ní Mhurchadha
- Gender
- Female
- Address
- Coarha More, Co. Kerry
- Informant
- Cormac Ó Murchadha
- Gender
- Male
- Age
- 52
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Cool West, Co. Kerry