School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (roll number 10819)
- Location:
- Ballyhearny West, Co. Kerry
- Teacher: Partolan Ó Gríbhthín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ann acht dúbhairt bean a'tighe leí go raibh na buachaillí bána chun teacht ann an oidhche sin chun cumann do bheith aca acht d'fág sí an bhean ann go h-áirighthe.
Nuair a thánaig na buachaillí isteach d'iaradar ar an mnaoi an raibh aoinne san dtigh. Dubhairt sí go raibh bean ó Chiarraige. Do thánaig sise isteach agus labhair ceann aca leí agus dubhairt sé gurb é féin an fear a bhí fé na núal agus do thug sé capall agus cairt di chun dul abhaile agus dubhairt sé leí go raibh níos mó ná sin ag teacht cúichi mar go raibh sé fé cumaoin anama aici. - Scoil Scairte.
Do bhí fear 'na chómhnaidhe i gCurrach Beag geall le ceithre fichid bliadhan ó shoin darbh ainm dó Aindrías Ó Súilleabháin, agus bhí sé ana bhocht, acht bhí sé ana léigheanta, agus san tráth san do bhí nascoileanna scairte ann agus do thosnuigh an fear seo ag múineadh i gceann díobh.
Béarla go léir a bhí á múineadh san scoil sin agus níor theastuigh ó'n máighistir aon focal Gaedhluinne(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Néill
- Gender
- Female
- Address
- Tinnies Lower East, Co. Kerry
- Informant
- Máire Ní Murcadha
- Gender
- Female
- Age
- 76
- Occupation
- Pinsinéir
- Address
- Cool West, Co. Kerry