School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (roll number 10819)
- Location:
- Ballyhearny West, Co. Kerry
- Teacher: Partolan Ó Gríbhthín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a chloisint á labhairt ag na scoláirí.
Ní raibh aon binnsí san scoil acht clocha móra chun na scoláirí do bheith ag suidhe ortha, agus do bhíodh stóilín beag ag an máighistir chun a chuid leabhair do choimeád air.
Do bhí leabhar amháin ag gach scoláire darb ainm an "Fostar", agus is ón leabhar sin a dheineadar uimhirigheacht .
Máighistir ana mhaith dob eadh é agus dhá sgillinng a theastuigh uaidh gach ráithe ó gach scoláire , agus bhí triúr scoláirí ana mhaith ins an scoil sin agus bhíodar 'na máighistrí tar éis bheith múinte ag an bhfear sin.
D'fhan sé i gCurrach ar feadh naoi mbliadhna ag múineadh, agus lá amháin d'imthigh sé as an oileán ar fad agus bhí brón ar gach aoinne nuair a chualadar go raibh sé imthighthe mar do bhí sé ana mhaith do na daoine bochta.- Collector
- Máire Ní Néill
- Gender
- Female
- Address
- Tinnies Lower East, Co. Kerry
- Informant
- Máire Ní Murcadha
- Gender
- Female
- Age
- 76
- Occupation
- Pinsinéir
- Address
- Cool West, Co. Kerry