School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (roll number 10819)
- Location:
- Ballyhearny West, Co. Kerry
- Teacher: Partolan Ó Gríbhthín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bhfígheadóir do dheinidís é do dhathúghadh. Is le planndaí a dheintí é mar ní raibh aon dath díolta ins na siopaí an uair sin fé mar atá anois.B’é an gaosadán an ceann is mó a bhaintí úsáid as, acht uaireannta do bhaintí úsáid as bláthanna na dtor aitean.Ní raibh mórán mhaitheasa ionnta san,agus ní raibh mórán measa ag muinntear an oileáin seo ortha acht an oiread.Bhí poll i gCurrach Beag Thuaidh, “Poll Dubh” a thugtaí air. Bhí mórán planndaí ag bun an phoill, agus bhí an uisge a bhí innti ana mhaith chun éadaigh do dhathúghadh.Do théigheadh na mná go léir ó gach áit 'san oileán ann chun roinnt de’n uisge do thabhairt abhaile leó chun an phlainnín do dhathúghadh mar bhí sé ana oireamhnach dó.Do bhaineadar úsáid as go dtí gur díoladh na dathanna atá le feiscint indiú ins na siopaí agus níl fhios ag aoinne cá bhfuil “Poll Dubh” anois, ach b’fhéidir go bhfuil sé ann fós.
- Collector
- Eibhlín Ní Loingsigh
- Gender
- Female
- Address
- Coarha More, Co. Kerry
- Informant
- Muiris Ó Concubhair
- Gender
- Male
- Age
- 52
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Coarha More, Co. Kerry