School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (roll number 10819)

Location:
Ballyhearny West, Co. Kerry
Teacher:
Partolan Ó Gríbhthín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0479, Page 131

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0479, Page 131

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay)
  2. XML Page 131
  3. XML “Seancheird”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Geall le leath chéad blian o shoin ní raibh na dathanna á ndíol ins na siopaí fé mar atá anois agus dá bhrígh sin nuair a bhí aon rud cniotálta ag na sean daoine le snáth bán a bhí deunta as ollain na gcaorach aca féin b’éigean dóibh é dhathúghadh le rudaí a bhí as fás ins an páirceanna, ins na portaighthe agus ar na carraigreacha.
    An rud a bhí aca chun dathúghadh dhuibh do dheunamh bhí sé le fághail ins na portaighthe ‘s dubha a thugtaí air agus is é an rud céadna a bhíodh ag na scoláirí bochta chun bheith ag scrí leis.
    Do bhailigheadh siad é sin agus do chuireadh siad é ar an dteine ag beiriú agus tar éis tamaill ag beiriú chuireadh siad é ar thaobh na teine ar feadh cúpla lá nó mar sin agus dheineadh sé sin dath chómh maith le h-aon dath eile atá le fághail ag na daoine anois.
    An rud a bhí ins na páirceanna acu chun dath buidhe do dheunamh do beadh an gaosadán.
    Ins an Samhradh a gheibheadh siad é sin ag fás mar ní raibh sé ag fás san nGeimhreadh.
    Bhí rud eile acu chun dath donn do dheunamh, sé sin an rud a fásann ar na carraigreacha go mór mhór san Samhradh.
    Prioctaí ar dtúis é agus annsan deintí é do bheiriú agus annsan deintí an éadach do
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trades and crafts (~4,680)
    Language
    Irish
    Collector
    Sorcha Ní Chúipéir
    Gender
    Female
    Address
    Tinnies Lower East, Co. Kerry
    Informant
    Máire Ní Chonaill
    Gender
    Female
    Age
    73
    Occupation
    Pinsinéir
    Address
    Coarha Beg, Co. Kerry