School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (roll number 10819)
- Location:
- Ballyhearny West, Co. Kerry
- Teacher: Partolan Ó Gríbhthín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ó's cíonn dhá chéad bhlian ó shoin, bhí fear 'na chómhnaidhe i gCúil, agus bhí sé go fíor bhocht, agus b'é an ainm a bhí air ná Pádraig Ó Laoghaire.Bhí sé ag eiríghe aosta agus uaireannta ní bhíodh sé ábalta ar dul tímpeall in aon chor, agus do bhí truagh ag gach aoinne dó.Oidhche amháin nuair a bhí sé 'na chodhladh cheap sé go bfeaca sé rudaí luachmhara i bpáircín a a bhí tamall ó'n dtigh, agus do chuaidh sé go dtí an pháirc i lar an lae.Nuair a shrois sé an pháirc do chonnaic sé saghas gráinne buidhe, agus do thóg sé abhaile é, agus do chuaidh sé 'na chodhladh arís tar éis dul abhaile.Nuair a eirigh sé ar maidin bhí sé ag feuchaint air, agus thóg sé fé ndeara go raibh sé ana chruaidh, agus chuir sé amach fé'n ngréin é.Nuair a chonnaic sé arís é bhí airigead ann 'na ionad gráinne, agus tá "Páirc an Airigid" mar ainm ar an bpáirc riamh ó shoin.Scríobhnóir:- Máire De Bhhurton, Teinnibh
Sgéalaidhe:- Máire Ní Conchubhair, Currach- Collector
- Máire de Burton
- Gender
- Female
- Address
- Tinnies Lower East, Co. Kerry
- Informant
- Máire Ní Conchubhair
- Gender
- Male
- Age
- 76
- Occupation
- Pinsinéir
- Address
- Coarha More, Co. Kerry