School: Oileán Baoi (Dursey) (roll number 13138)
- Location:
- Dursey Island, Co. Cork
- Teacher: Eoghan Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sháidh sé a mhaide sa talamh in aice an bhosca chun go mbeadh sé mar mharc aige, agus do chuir sé dhé síos fé dhéin na faille chun teacht roimis na ba. Do chas sé aníos arís iad, agus tháinig sé thar n-ais go dtí an áit mar ar fhág sé an bata 'na sheasamh dar leis.
Do chuardaigh sé tímpal ins gach aon áit ach ní raibh bata ná leac ná bosca óir le fagháil aige-na sídheóga a thóg é nuair a bhí sé i ndiaidh na mbó, mar tá cáil an uaignis ar an áit chéadna.
Ní fhuarathas an stór sin riamh ó shoin ach chreid na daoine go daingean go raibh sé ann. Is minic a chaith daoine ó'n oilean tamall ag iompódh na leac i nDrom Ruadh a d'iarraidh é a fhagháil. Bíonn siad ag aodhaireacht na mbó ann ar eagla iad a dhul le faill, agus go dtí na blianta deirionnacha so fiú amháin is minic sean daoine an oileáin ag cuardach fés na leacaibh. Tá an stór fé lic éigin, ach ní fios d'aoinne ciaca leac é.- Informant
- Nóra Ní Dhuinneacha
- Gender
- Female
- Age
- 73
- Address
- Kilmichael, Co. Cork