School: Oileán Baoi (Dursey) (roll number 13138)
- Location:
- Dursey Island, Co. Cork
- Teacher: Eoghan Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)is leis é, agus ní ceaduighthe d'aoinne cur isteach air 'na dhiaidh san. Ach sa chás so bhí an dá bhád ar aon bhuille agus do chuir an bheirt an ceangal air le chéile.Nuair a bhí an méid sin déanta tháinig an bheirt isteach ins na báid arís, agus chromadar ar an mbác a tharrac tríd an uisce i dtreo an ché - agus do b'é an tarrac é, mar bhí dhá cheann an bhác ceangalta agus is ar a leithead a bhíodar á tharrac 'na ndiaidh. Pé sgéal é do baineadadar "Leac" amach.Nuair a thánadar i dtír do theastuig ó mhuinntir Bhaile 'n Chalaidh an bác do choimeád dóibh féin ach ní ghéillfeadh muinntear Chill Mhíchíl do san. Ba dhóbair go mbeadh droch obair ann an mhaidean sin, ach sa deire do chiúinigheadar agus dheineadar dhá leath de'n bhác, agus bhí a leath ag gach dream aca.Tugtar Bác a' Call-éig' ar an mbác san riamh ó shoin.
- Informant
- Connchubhar Ó Duinneacha
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Address
- Kilmichael, Co. Cork