School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Location:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
- Teacher: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sa tseanashaol nuair a bhíodh lucht na ndeachuithe ag gabháil amach ag bailiú na deachún thagaidís, go minic, go dtí Baile Bhúirne agus do bhí na daoine bochta scriosta acu. Thánadar le chéile aon lá amháin agus chuadar suas go dtí Teampall Naomh Gobnatan agus do thosnaíodar ag paidreoireacht ann. D’iarradar ar Naomh Gobnait rud éigin a dhéanamh dóibh chun stop a chur le muintir na deachún.
Fé cheann beagán aimsire tháinig na ropairí arís. Níor airíodar pioc go bhfuair Gobnait an beachaire agus bhuail sí trí bhuille air in ainm an Athar agus do chuir sí chun siúil muintir na deachún, le saithe beach a eirigh amach as an mbeachaire.
Bhí Ministir i mBaile Bhúirne san am chéanna agus nuair a airigh sé an méid sin tháinig ana-fhearg air agus duairt sé an lena sheirbhísigh dul amach agus uisce a thabhairt isteach ó thobar Naomh Gobnatan agus na héadaí a ní leis.
Do deineadh amhlaidh agus chuireadar i gcorcán os cionn na tine é agus dá mbeadh(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Liatháin
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- An Goirtín Fliuch, Co. Cork