School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Location:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
- Teacher: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Máire Ní Liatháin, Goirtín Fliuch. Aois - Trí bliana déag go leith
5-12-’38
Béaloideas – Scéal
Tá mórán céadta blian ó shin ann ór fhógair Naomh Fionnbarra go mbeadh
Aifreann agus seanmóin aige sa Ghuagán ar an tríú lá fichead do Mheán Fhómhair. Do tháinig neameon daoine ó gach aon áit ann. Lá ana-bhrothallach dob ea é. I meán lae do dhoirchigh sé agus do tháinig tóirneacha agus splancacha móra. Do tháinig scanradh ar na daoine. Do labhair Naomh Barra leo:- “A dhaoine,” ar seisean, “ná bíodh aon eagla oraibh mar táimse chun dul go Baile Bhúirne chun go bhfeicfidh mé an teampall atá déanta ag Naomh
Gobnait. Gluaisígh liomsa, a dhaoine,” ar seisean agus d’imíodar leis. “Geallfadsa díbh ná déanfaidh tóirneach ná splanc aon díobháil go brách arís idir mo theampallsa agus teampall Naomh Gobnatan,” agus níor dhein riamh ó shin, buíochas le Muire agus le Naomh Fionnbarra an Ghuagáin.- Collector
- Máire Ní Liatháin
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- An Goirtín Fliuch, Co. Cork