Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Suíomh:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
- Múinteoir: Gobnait, Bean Uí Liatháin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 150](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0338%2FCBES_0338_150.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 150
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí fear bocht aon uair amháin ag siúl an bóthar. Do bhí an lá te agus bhí ana-thart ar an bhfear mbocht. Do bhuail sé fé dhéin tigh feirmeora. D’iarr sé deoch ar mhnaoi a’ tí ach ní bhfuair. Cé go raibh fiche bó ag muintir a’ tí sin ní thabharfadh bean a’ tí deoch don duine bocht.
D’imigh sé leis. Chonaic sé tigh beag cinn tuí in aice an bhóthair agus bhuail sé ’na threo. “Ar lorg dí a tháinig mé chút, a bhean mhaith,” ar seisean leis an mnaoi a bhí sa tigh sin. “Mhuise, go bhfóire Dia orainn,” ar sise, “ní bhíonn de bhainne agamsa ach an braoinín a cheannaím ós na comharsain, ach an braon beag atá istigh agam gheobhair é agus fáilte.” Fuair sé an deoch. D’ól sé í agus do ghaibh a bhuíochas agus d’imigh sé.
Ar maidin lae arna mháireach nuair d’eirigh an bhean bhocht cad a bheadh ’na sheasamh ag an doras ach bó bhreá. Fuair an bhean árthach agus do crúigh sí an bhó. Do bhí áthas ar an mnaoi an méid sin bainne a bheith aici agus d’imigh an bhó an bóthairín síos.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighréad Ní Chróinín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Carraig na Damhaire, Co. Cork