School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Location:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
- Teacher: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Máire Ní Chríodáin, Oileán Aibhneach. Aois – Dhá bhliain déag
2-3-’38
Béaloideas –Scéal
Do bhí fear in Eirinn fadó agus do bhí sé ana-shaibhir. Do bhíodh eagla air i gcónaí go ndéanfaí an t-ór do ghoid uaidh. Do bhíodh firín beag macánta ag obair don bhfear saibhir sin agus d’iarr sé ar an bhfirín beag aire a thabhairt don ór. Do chuir an firín beag an t-ór isteach i bpróca. Rug sé an próca leis go dtí an gleann agus do chuir sé i bhfolach i bpoll fé thalamh é.
Nuair a chonaic an fear saibhir cad a bhí déanta aige do chuir sé fé gheasa é an t-ór do chosaint i rith a shaoil, agus i ndiaidh a bháis, agus tá leipreacháin sa ghleann ó shin ag tabhairt aire don ór.
Dob é sin an chéad leipreachán, ach nuair do chuala daoine eile an scéal do chuireadar féin a gcuid óir fé thalamh agus leipreachán dá fhaire. Sin mar a tharla go bhfuil leipreacháin i ngleannta na hÉireann.- Collector
- Máire Ní Chríodáin
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- Oileán Eidhneach Thiar, Co. Cork