School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Location:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
- Teacher: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Máire P Ní Chróinín, Goirtín Fliuch. Aois – Dhá bhliain déag
10-5-’38
Scéal – An Tiarna Talún
Bhí Tiarna Talún ’na chónaí i nGoirtín Eoin fadó. Nuair d’oireadh do dul go Maigh Chromtha, nó teacht as, do caithfí an capall dob fhearr a bhí sa pharóiste do chur leis nó do chur ’na choinnibh. Uair a bhí sé ag teacht ó Maigh Chromtha do chuir sé fios ar chapall Sheáin Uí Luasaigh ó Chathair na Cátha chun dul ’na choinnibh. Chaithfeadh an giolla siúl abhaile mar ní leogfadh sé do teacht leis sa charráiste.
Nuair a tháinig sé go Doire na Leacan do rith gadhar amach as tigh a bhí ar thaobh an bhóthair. Do rug sé greim ar shálaibh an chapaill agus as go brách leis le fánaidh. Do tharraing sé ró-ghairid i gcasadh i nGoirtín na Coille agus d’iompaíodh é. Do briseadh an dá leathlaí agus do scoir an capall é féin amach ón gcarráiste. As san amach níor iarr sé capall ar aon tineontaí.
Nuair a fuair sé bás do bhí an áit mórthimpeall an tí clúdaithe le daradaoil agus iad go léir ag déanamh ar an dtigh. “Law” dob ainm do.- Collector
- Máire P. Ní Chróinín
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- An Goirtín Fliuch, Co. Cork