School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Location:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
- Teacher: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Peigí Ní Cheallacháin, Cathair na Cátha. Aois – Trí bliana déag
31-3-’38
Béaloideas – Scéal
Bhí cailín agus buachaill i ngrá lena chéile uair amháin ach níor thaitn an buachaill le hathair an chailín. Dhein sé cleamhnas di le fear eile agus do thug sí cuireadh don seanabhuachaill teacht go dtí an pósadh. Nuair a fuair sé an cuireadh do tháinig taom bróin air agus fuair sé bás.
Do bhí athair an chailín ag dul go dtí an tórramh ach ní leogfadh sé dá iníon dul in aon chor. D’éalaigh sí treasna na páirce go dtí tigh an tórraimh agus bhí sí ag gol os cionn an choirp go dtí gur thit sí agus fuair sí bás leis.
Do cuireadh iad in aon reilig amháin agus os a gcionn d’fhás crann mór. Dhá chrann a bhí ann ar dtúis ach d’fhás siad le chéile ansan in aon chrann amháin. Tá scéal fada ann ach ghiorraíos é. In Achadh Dá Eo do thit so amach.- Collector
- Peigí Ní Cheallacháin
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- Cathair na Cáithe, Co. Cork