School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Location:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
- Teacher: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Peigí D. Ní Loingsigh, Ladhar na Gaoithe. Aois – Dhá bhliain déag 14-2-’38
Béaloideas – Scéal
Bhí fear ó Chontae Chorcaí agus fear ó Chiarraí ag áiteamh ar a chéile féachaint ciocu contae ab fhearr. Duairt an fear ó Chontae Chorcaí gur fearr an talamh a bhí i gContae Chorcaí. Duairt an Ciarraíoch, “Cá bhfuil an talamh maith i gCorcaigh?” agus do fhreagair an fear eile é agus duairt sé, “Cois Laoi, cois Brídeach, cois Bandan.” “Ó,” arsa an fear ó Chiarraí, “tá talamh níos fearr ná san i gCiarraí; tá sé cois Leamhna, cois Fleasca, cois Leamhaire, agus ó Chiarraí dob ea Dónall Ó Conaill agus ní raibh aon fhear chomh maith leis i gContae Chorcaí.” “Más ea,” arsa an Corcaíoch, “tá trí Easpaig i gContae Chorcaí agus níl ach aon Easpag amháin i gContae Chiarraí agus caitheann sé cuid de Chontae Chorcaí d’fháil chun é do choimeád suas.” Annsan duairt sé, “Uíbh Ráthach, Uíbh Ráthach na ndragún liath sin é an áit ’nar fhág Pádraig le beannú ag Dia,” agus bhí buaite ag fear Chorcaí.- Collector
- Peigí D. Ní Loingsigh
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- Ladhar na Gaoithe, Co. Cork