Scoil: Cnoc Sceach, An Léim (uimhir rolla 10603)
- Suíomh:
- Knockskagh, Co. Cork
- Múinteoir: Ss. Mac Carrthaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Rugadh Seán Ó Coileáin sa bhliadhain 1754. deir daoine gur le hais na Cille Mine i dtaobh thuaidh don Clanna Caoilte rugadh é, agus deireann daoine eile gur sa Ceanntar san idir dún Maon Mhaighe agus Drom dá Liag do rugadh é. Acht pé ball 'na rugadh é. is i reilg na h-áite* sin do cuireadh a athair é.agus is ann do chuireadh Seán leis.
*Cill-mín.
Ní raibh Seán i bhfad ar an saoghal nuair uair a mháthair bás. do thóg Muinntir a mháthair leó féin abhaile annsan é. agus do chuireadar ar scoil é. Fionn Ó h aonlain a bh'ainm d'athair a mháthair agus do comhnuig seisean i n-áit éigin siar ó dhrom dhá liag i bparóiste [?]Chárhraig
Níl fochal tuairisce againn air anois go dtí go raibh sé thall i spáin 'na macléighinn i gcoláisde éigin agus sin a bhfuil anso leis againn. go Raibh sé ann ag foghluim chun bheith na shagart. Acht níor fhan sé ró-fhada ann, mar bhí sé annso ó dheas chois fhairrge ag scríobhadh amhrán agus stáir na h-Éireann sar a raibh sé puinn thar fiche bliadhain d'aois.
phós Seán Cailiín deas de Mhuinntir Chochláin a bí na chomhnuidhe i dteannta a háthair tamall beag dtaobh thar den Stuicín mar a raibh an scoil ag an bhfile. Bhí feirm bheag tailimh ag muinntir an cailín acht níor thógadar Seán mar cliamhain isteach mar bhí beirt dearbrathar aici(leanann ar an chéad leathanach eile)