School: Carrigaline, Ráth Mhór
- Location:
- Carrigaline, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Mhic Conchoille
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Carrigaline, Ráth Mhór
- XML Page 094
- XML (no title)
- XML “Naomh Laitíaran”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Cuilinn ar Cuilinn na gCuanach agus Cuilinn ar bhruach na Mainge”
"Cuilinn ar Cuilinn na gCuanach
Agus Cuilinm ar bhruach na Manige
Cuilim i gCineál Aodha
Agus Cuilinn Craobhach an Balla."
Sin é an áireamh a dheir file éigin sa t-seanaimsir ar n h-áiteannaibh gur tugadh "Cuilinn" ortha, agus a draobh ráda nach bhfuil an iomad tráchta go dtí le fíor-déanaighe ortha i gcursaibh Eireann - tá gach deallramh nach raibh an sgéal mar sin fadó.- Sa chéad tréis teacht Phádraig go h-Eirinn do chomnuigh sí. Bean an-naomhtha do beadh í. Dúbharthas sa seanchus gur bean ó Shasana í, go dtáinig sí féin is a beirt deirbhsiúr is a driothár chun ambeata do caitheamh go naomhtha annso. Deirtear gur chuir an driothár fé in aice Tobairín na nÓganach, ar cliathán Mhuisire, mar a bhíonn comthalán dá onoir lá 'le Seán sa tSamhrad, agus tá sean-rádh imbeul nandaoine inDúth Ealla "Laitiáran agus Lasair agus an inghean bhuidhe i nDromthairbh" ag cur síos ar na drifiuríbh. Chuir Laitíaran fúichi leis, deirtear, cois na h-abhann Túr a' Gleanna, tamall taobh amuigh de'n bfaithche i gCuilinn, gur dhein sí bothán dí féin annsan, is í ag síor ghuidhe cun Dé is Á moladh. Do mhair Lasair i gCill Lasrac i bparóiste Chille Míne ar an gcuma céadna.
Ní itheadh Laitíaran ach aon béile amháin sa ló, agus treis(continues on next page)