School: Liscannor (B.) (roll number 4435)
- Location:
- Liscannor, Co. Clare
- Teacher: Dónall Mac Cárthaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Liscannor (B.)
- XML Page 102
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí bean ann uair amháin bhí sí tinn.”
Bhí bean ann uair amháin agus bhí sí tinn. Cuir sí fios ar an doctúir óg a bhí san gcomharsanacht. Nuair tháinig sé d’fhéach sé ar a teangaidh agus brath sé bualadh a cuisleann acht in a diadh sin is uilig ní raibh fios aige céard a bhí uirthí. Annsin cuireadh fios ar an sean dochtúir agus nuair tháinig seisean d’fhéach sé ar an mnaoi ar feadh cúpla nóiméad. Bí tú ag ithe [eisreach?] ar sé. Bhí go deimhin arsan an bhean. Ná dhean é sin níos mó arsan sean dochtúir agus chuirfeadh buídéal cughat a leghseothadh tú. Annsan fuair an sean-doctúir a tháille trí leath-corónaia agus d’imthig sé abhaile.Nuair bhíodar amuigh d’fiafruig an doctúir óg den t-sean dochtúir “cé a caoi” an raibh fhios aige gur ith an bhean eisre. Chuir an sean dochtúir a lámh ar ghualann an fhir óig agus dubhairt chonnaic mé na sliogáin faoi na leabadh. I gceann tamall d’eirigh fear tinn agus cuireadh fios ar an dochtúir óig arís. Nuair tháinig sé isteach ins an seomra i na raibh an fear tinn tug sé straic feachaint faoi’n leabaidh agus chonnaic sé srian agus diallaid fuithe. Bhí tú ag ithe capall nó lárach ar(continues on next page)- Collector
- Áine Nic Aodha
- Gender
- Female
- Address
- Cloghaun, Co. Clare
- Informant
- Máire Ní Cathasaigh
- Gender
- Female
- Age
- 64
- Address
- Cloghaun, Co. Clare