School: Corrabha (Curravagh)

Location:
Curraghvah, Co. Cavan
Teacher:
(name not given)
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 304

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 304

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Corrabha (Curravagh)
  2. XML Page 304
  3. XML “Ainmhithe na Feirme”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Siad na hainmhidhthe atá ar fheirm m'athar ná - na ba, na caoirigh, na hasail, na géana na lachain, na cearca, agus na turcaí,
    Siad na hainmneacha atá ar na ba ná An bhó Crosta, An bhó Dhearg, bá na leath adhairce, An bhó Ghorm, An bhó bhán agus an bawny. Nuair a bhítear a' tiomaint na bó deirtear "Imthigh leat", no "How, How". Nuair a bhítear a glaodhach ar na ba deirtear "Pruggy, Pruggy". Nuair a bhítear a' glaodhach ar na gamhna deirtear "suck, suck." Glaoidhtear ar na hasail mar seo - "Foaley, Foaley," agus ar na turcaí "Bee,, Bee". Nuair a bhítear a' glaodhach ar na lachain deirtear "Wheat, Wheat", agus leis na cearca "Tuk, Tuk". Lá an aonaigh chloisfeá na feirmeóirí a' glaodhach amach in árd a ngutha "cheeri cheeri" leis na caoirigh.
    Cró na mbó a tugtar ar an áit in a mbíonn na ba. Bíonn bíomaí móra saidhte sa talamh agus slabhraí ar chrochadh asta. Cuirtear na ba isteach sa tráthnóna agus cuirtear an slabhra timcheall muinéal gach bó. Uaireannta eile má bhíonn siad crosta cuirtear píosa de rópa timcheall na gcos chun iad a choiméad ó bheith a' ciacáil.
    Ar an dára lá de mhí Feabhra (Féile Muire na gCoinneal) do crochtaí croiseanna déanta as brobhanna glasa os cionn dóirse na gcró. Domhnach an Iubhair crochann na daoine giota de chrainn phailme ós cionn na nainmhidhe agus dá mba rud é go bhfuair siad crúdh capaill cuireadh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
          1. animal husbandry (~2,587)
    Language
    Irish
    Collector
    Brighid Ní Shiordan
    Gender
    Female
    Address
    Carrick West, Co. Cavan